← Eachtraíonn Caoilte scéalta éagsúla faoin saol a bhí ag Fionn agus ag na Fianna. 🔊
← Tugann sé dúshlán Fhinn agus socraíonn siad rás idir an t-eachtrannach, Caol Mac an Iarainn, agus an laoch ba fhearr a bhí ag na Fianna. 🔊
← Dúirt an strainséir seo go dtabharfadh sé féin faoin rás a bhí le dul ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊
← Insíonn an scéal greannmhar seo faoi na heachtraí a bhain díobh le linn an ráis. 🔊
← Faigheann siad amach sa deireadh gurbh é Manannán Mac Lir, Dia na farraige de chuid Tuaithe Dé Danainn, an té a tháinig i gcabhair ar na Fianna. 🔊
← Athchóiriú ar an leagan den scéal a bhí ag Niall Ó Domhnaill atá anseo (Seanchas na Féinne, Oifig an tSoláthait, 1942). 🔊
← "Greann a d'fhág ár saol suáilceach", arsa Caoilte. 🔊
← Lá aonaigh agus oireachtais a bhí ag na Fianna i mBinn Éadair. 🔊
← Nuair a bhuail sí port tháinig gaiscíoch mór amháin amach asti le crann a shleá agus léim sé isteach ar ghealghaineamh na trá. 🔊
← "Ní fhacamar an ghaiscíoch riamh nach raibh fear sna Fianna a chloífeadh é," arsa Conán Maol. 🔊
← "Níl agatsa ach glór amadáin," arsa Caol an Iarainn, "agus dá mbeadh a raibh sna Fianna riamh in éineacht lena bhfuil ann faoi láthair, ní bhfaighfí fear ina measc a chloífeadh mise. 🔊
← "An bhfuil aon laoch agaibh a sháródh sa rásaíocht mé?" 🔊
← Ba chosúil le crann seoil loinge gach cos den dá chos a bhí faoi agus ba chosúil le taobh báid gach bróg den dá bhróg a bhí air. 🔊
← Bhí crios dóibe in íochtar a chóta lachtna agus ní raibh aon choischéim dar shiúil sé nár bhuail an t-íochtar dóibe mar a bheadh tonn ar chúl a chosa é agus ní raibh aon uair dá mbogfadh sé a bhróga nach gcuirfeadh sé bairille puitigh suas lena mhása. 🔊
← Nuair a d'fhill siad ar Bhinn Éadair bhailigh iomlán na bhFéinne thart ar Bhodach an Chóta Lachtna le hiontas agus dúirt Caol an Iarainn nach náireodh sé é féin ag coimhlint lena leithéid de bhodach smeartha. 🔊
← Ach rinne an Bodach gáire garbh a chuir fearg air agus ansin d'aontaigh sé dul sa rás leis ó Shliabh Luachra na Mumhan go Binn Éadair. 🔊
← "Maith go leor," arsa an Bodach, "déanfaidh mise bothán dom féin, ach is fada amach a bheidh an té nach gcabhróidh liom". 🔊
← Nuair a d'fhill sé bhí an fheoil rósta. 🔊
← D'imigh Caol an Iarainn go tromchosach sa rás agus eagla air faoin neamhshuim a rinne an Bodach de. 🔊
← D'éirigh Bodach an Chóta Lachtna nuair a bhí a dhóthain codlata aige. 🔊
← Chuir sé cnámh na muice i mbinn a chóta agus d'imigh sé leis sa tóir ar Chaol an Iarainn mar a bheidh gaoth fhuar na Márta ag teacht ón gcnoc. 🔊
← Chrom sé ansin ar na driseacha a bhí ar an dá thaobh den bhealach agus bhí sé ag ithe sméar go dtí gur tháinig Caol an Iarainn suas leis. 🔊
← D'imigh sé leis ansin mar a bheadh gaoth fhuar na Márta ann agus ní dhearna sé stop ná staonadh nó gur shroich sé mullach cnoic a raibh Binn Éadair le feiceáil uaidh. 🔊
← Chrom sé ansin ag baint sméar agus nuair a bhí a dhóthain ite aige bhain sé a chóta de, d'fhuaigh sé an t-íochtar nó go ndearna sé sac de agus líon sé go béal é le sméara dubha. 🔊
← Nuair a bhí sé sin déanta aige bhí sé smeartha ó bhonn go baitheas le sú sméar. 🔊
← Bhí fear faire amuigh ag Fionn ó mhaidin le scéal a thabhairt chuige a luaithe is a d'fheicfeadh sé na reathaithe ag teacht. 🔊
← Nuair a chonaic sé an fear dubh ag teacht i mbéal an chnoic agus sac an chóta lachtna ar a ghualainn rith sé go Fionn á rá go raibh Caol an Iarainn ag teacht agus an Bodach marbh leis. 🔊
← "Culaith airm agus éide don té a bhéarfaidh scéal níos fearr ná sin chugainn," arsa Fionn. 🔊
← Ansin thug sé cos i ndeireadh na loinge agus chuir seacht léige i bhfarraige í. Ar filleadh do Bhodach an Chóta Lachtna ón trá las gaoth agus grian ina thimpeall agus d'aithin Fionn agus na Fianna gur Manannán Mac Lir a tháinig i gcabhair orthu. 🔊